Gay Christian EuropeLGBT Christian Europe

Fáilte go Gay Christian Europe

Gay Christians in Europe

Cuireann Gay Christian Europe tacaíocht agus áiseanna iltheangacha ar fáil do Chríostaithe san Eoraip de gach sainchreidimh, atá Aerach, Leispiach, Déghnéasach, Trasinscneach (ALDT), nó atá neamhchinnte fén a gcuid claonaidh gnéis, ina dteangacha dhúchais féin.

Aimsigh eaglaisí* atá fáiltiúil do lucht ALDT, grúpaí tacaíochta agus línte chabhraigh id' thír féin, aimsigh leabhair bainteach le saol an Chríostaí Aerach id' theanga dhúchais, agus léigh fianaisí de chuid críostaithe lucht ALDT id thír féin.

* Tá rannán na heaglaisí fé chosaint pasfhocail. Déan teangmháil linne, led' thoil, le rochtain a fháil ann.

Faoi Gay Christian Europe

Cruthaíodh ministreacht Gay Christian Europe toisc go raibh gá ann le áitreamh iomlán Eorpeach, agus chun teangmháil a dhéanamh le Críostaithe ALDT eorpacha ina gcuid teangacha dhúchais fhéin.

Tugaimid tacaíocht do chríostaithe Aeracha, Leispiacha, Déghnéasacha agus Trasinscneacha ar fud na hEorpa i bhfothain timpeallachta sábháilte agus comhbhách. 'S é an cuspoir atá againn ná tacaíocht a thabhairt do gach duine agus iad ar a gcuid turais phearsanta féin, pé sainchreideamh lena mbaineann siad, agus cuma má mbraitheann siad go nglaotar chun aontumha iad, nó go gcreideann siad go mbeanaíonn Dia gaolmhaireachtai chomhghnéis fad saoil, agus chun fáilte a chur roimh dhaoine atá suim acu sa chríostaíocht leis.

Déanaimid iarracht chomh maith críostaithe LGBT sna tíortha eorpacha ar fad a chur i dteangmháil le grúpaí, eaglaísí fáiltiúla agus áiseanna áitiúla dóibh, agus cruthaímid pobal phearsanta agus ar líne leis.

Spiritual Retreat - July 2012

House for spiritual retreat
  • Dates : 6th - 9th July 2012
  • Location : Buckfast, Devon, UK
  • Cost : £95.00 per person
    (includes: shared accomodation for 3 nights, all breakfasts, Friday night, Saturday night & Sunday night dinners)
  • Schedule : Theme : FORGIVENESS.
    Interdenominational Christian worship (in English), sharing time, socializing time, in a safe environment where you can be yourself fully, amongst LGBT Christians

More details...

Share |

Terms of Use | Privacy Policy